Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0152

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0152

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0152
  3. XML “Scéal faoin nGorta”
  4. XML “An Tobairín Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis dorúgha agus dúbháin. Chuaidh an mac ba shine ag iasgach in éindigh leis. Mharbhuigh siad go leór iasg. Chuaidh an mac ba shine thart agus bhíodh sé ag fágháil fataí nó rud éigin mar sin ar an iasg. Gach lá theighead duine de na mic ag iasgach. Nuair a dhíolfaidís iad (na h-éisg) gheobfaidís fataí agus rudaí nach iad ortha. Mhair siad mar sin ar feadh an ghorta agus bhíodar an-bhuidheach don Cheannaidhe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Tobairín Beannuighthe
    (Ag Doire an Fhiaidh, Casla.)
    Ar do bhealach amach dhuit tré bhóthar Leitir Muccú, tuairm is míle ón gCrois bhóthar tá an tobairín Beannuighthe. Tá teach Mhíchil Uí Chonghaola an-ghar dhó. Níl sé acht cúpla coisméag isteach ón mbóthar agus ní claidhe ar bith atá ar an méid sin de'n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Úna Ní Conghaola
    Inscne
    Baineann
    Aois
    17
    Seoladh
    Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe