Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0247
  3. XML “Turas na Cruaiche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    imthighthe ag an bhfear bocht seo chuaidh sé ar an bpuinnte chuig a theach. D'fhiafruigh sé do'n fhear cé'n fáth gur ghoid sé agus gur mharbhuigh sé an mhuc air. Annsin dubht. fear an tighe, - Muise, a athair, nár dhubhairt tú féin liom go dtiubhrthá "Párdún" dom agus choinnigh mise t'fhocal. Annsin thuig an sagart an cleas a d'imir an fear eile air agus bhí a dhóthain feirge air. -Anois, ar seisean leis an bhfear bocht, ó thárla gur chuir tú cuid mhaith as dom cuirim iallach ort trí thuras a thabhairt ar Chruach Phadhraic mar geall ar do pheacaí. -Déanfaidh sin 'athair, arsa mo dhuine go fonnmar, ach féach an mbeidh orm a dhul ar a bharr. - Beidh cinnte, ars an sagart.
    Maidin lá'r na bháireach nuair a chuaidh an sagart amach céard a d'fheicfeadh sé ach mo dhuine agus é ag siubhal síos suas ar a chruach mhóna, agus an chruach bhreagh i ngar a bheith 'na chaoráin aige. Nuair a chonnaic an sagart é bhí sé oibrighthe. -Tá mo chruach millte agad, a deir sé, nó cé'n chiall atá leis an obair seo? Labhair an fear. -Dubhairt tú liom, 'athair, adeir sé, trí thuras a thabhairt ar Chruach Pádraic agus ní faca mise aon chruach Phádraic ní ba ghoire dhom na do chruach féin. -Sílim go bhfuil sé chomh maith agam éisteacht leat, adeir an sagart. Teirigh abhaile.
    Chuaidh an fear abhaile ríméadach go maith dhó féin agus é buidheach go leór do'n Athair Pádhraic.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1735: “Who Gives his Own Goods shall Receive it Back Tenfold.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Muireadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe