Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0288

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0288

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0288
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhób. "Tiocfaidh muid chuig an siopa céadhna anois," adeir duine aca agus b'fhéidir go ngeabhadh muid aon seans eile.
    D'imhthigh leób go dtáinic siad ag an siopa. Dubhairt siad leis an siopadóir an bosca uaireadóirí a b'fhearr a bhí na theach a leagann anuas. "M'anm nach leagfad" adeir seisean, "go raibh fear annseo aréir agus gur ghoid sé uaireadóir uaim." "Ar mhaith leat fios a bheith agat cé ghoid í adeir an gasúr." "Ba mhaith," adeir fear an t-siopa. "Sin é annsin anois é adeir an gasúr leis an ngaduighe." Rith fear an tsiopa amach i ndiaidh an ghaduighe. Nuair a fuair an gasúr imthighthe amach iad isteach leis sa siopa agus ghoid sé an bosca ar fad a raibh na h-uaireadóirí ann.
    Nuair a bhí an bhliadhain thuas aige tháinic sé abhaile agus a cheird go maith aige. Bhí sé na thráthnóna nuair a tháinic sé. Bhí sean-fhear tar-éis a chur ar an mbaile an lá céadhna. D'imthigh leis an ngasúr agus thóig sé an fear. Ceangail sé taobh amuigh ar an bhfuinneóig é. Nuair a chonnaic an t-athair é thug sé leis an guna agus chaith sé leis. Shíl sé gur bé an gasúr a bhí ann. Thuit an fear anuas gon bhalla annsin. Isteach leis a chodhladh annsin. Amach i lár na h-oidhche deirigh sé agus chuir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Cearra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Tuathail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    30
    Seoladh
    Na hAille, Co. na Gaillimhe