Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Na hAille, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0481
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear fadó ann a bhí an-chleasach.”
Sgéal
Bhí fear fadó ann a bhí an-chleasach. Bhí sean-bhean in a comhnaidhe ar an mbaile céadhna a raibh roinnt saobhchan céille uirthi. Aon mhaidin amháin nuair d'éirigh an fear seo ní raibh dada le n-ithe aige. D'imthigh leis chomh h-éasgaidh in Éirinn agus bhí sé i ndon nó gur tháinic sé chomh fada le tigh na sean-mhná seo. Bhí an mac agus an t-athair imthighthe amach agus ní raibh istigh ach an tsean-bhean agus cailín óg. Bheannuigh seisean isteach agus tar éis beagán cainnte d'fhiafraigh an tsean-bhean dó cé raibh sé. "Bhí mé ins na Flaitheas ag déanamh poitín," ar seisean. "An bhfaca tú an dream seo againne ann?" ars an tsean-bhean. "M'anam go bhfacas," adubhairt an fear. "Meas tú an bhféadfá carr eórnan a thabhairt chuca," arsa sise. "Ara tuige na bhféadainn," arsa seisean. Níorbh fhada go raibh carr agus capall faoi réir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Lochlainn Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe