Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0126
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad an Paidirín ag an teine cnámha. Ag dul abhaile dóibh tugann gach duine splainnc as an teinidh leis ar faitíos nach mbeadh fataí maithe acu.
    Fado bhídís ag cur píosa den splainnc ins gach garrdha fataí ach tá siad ag cailleadh na bpisróga anois.
    Bíonn trí lá na bó riabhaighe againn i dtús mí an Aibreáin. Bhí an tsean-bhó riabhach go dona agus bhí faitíos uirthi go dtiubbhfadh an Márta leis í. Nuair a bhí an Márta caithte leis sí géim athair agus dubht sí gur chinn air. Ansin d'iarr an Marta trí lá ar iasacht ar an Aibreán agus chuir an oireadh gaimhe agus gangaide ionnta sin gur cuireadh deireadh leis an tsean-bhó. Tá na laethannta céadna cruaidh gaimheamháil ariamh ó shoin. Deirtear gob' iad na laethata is fuaire sa mbliadhain iad.
    Anna (an-shamh?) na Samhna nó foghmhár na nGéabha - sin e an t-ainm a tugtar ar an "samhradh beag" a thagas faoi shamhain nuair a bhíos na géabha dá mbeathú i gcóir Oíche Changailt na gcnamha... Bíonn aimsir bheeagh ann tamall éigin i gcaitheamh na Samhna.
    Lá féil Bairtliméid, 24ú Lughnas. Bíonn aonach mór i nGaillimh faoin am sin i gcomhnaidhe, Aonach fhéil Bairtliméid nó Aonach na féile Bairtliméid. Tá na mílte Bairtliméad i gConnamara.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghréad Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Cúláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    93
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Culáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe