Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0162

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0162

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0162
  3. XML “Drochmháistir agus A Bhuachaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    n-aithnéochaidh mé é"? adeir an buachaill. "Tá sé fhiacail ann" adeir an máistir.
    D'imthigh leis an mbuachaill go hIfreann, agus nuair a tháinig sé go dtí an geata thánic a' deabhal amach. D'innis sé a ghraithe do'n deabhal, go raibh sé ag iarriadh an fhir seo a raibh sé fhiacail ann. D'imthigh an dl. leis ag iarraidh fear na sé bhfiacal. Badh ghearr go dtáinic se ar ais arís. "Tá go leor fear annseo a bhfuil sé fhiacail ionnta" adeir an dl., agus níl fhios agam-sa agus níl fhios agam-sa cé acu sin an driotháir atá tusa ag iarraidh."
    "To'r'm na fir uileag," adeir an b. leis an dl. "agus baineadh an máistir a dhriotháir asta." Bhí go maith.
    Nuair a bhí an fear oibre agus na deabhail a bhí in éinfheacht leis an teacht'n gar do theach a máistir dubht. mo dhuine leo tosú ag troidh agus go mb'fhéidir go gcuiridís faitcíos ar an máistir. Thosuigh na dl. ar fad ag troid agus nr. chonnaic na máistir iad sgannruiggh sé agus dubht. sé leis an bhfear iad d'fhágáil in Ifreann ar a amharc agus go dtiubhradh sé meadhchan a inghine d'ór dhó. ("gór - ó ) D'fhág an buachaill ar ais in Ifreann iad agus d'iarr sé meadhchan na hinghine d'ór air. Thug an máistir sin dó agus annsin thosaigh an buachaill ag iarraidh na hinghine air le pósadh. Ní raibh aon fhonn ar an máistir an inghean a thabhairt dó acht dubht. an fear mara dtiubhradh go rachadh sé féin ag iarraidh na ndeabhal arís. Nuair chuala an máistir é sin thug sé an inghean dó. Phós an inghean an fear agus mhaireadar go sása uaidh sin amach.
    -Séamus Bolustrom
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Bolustrom
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Bolustrom
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe