Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0166
- XML “Cumhdach na bhFeadóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a' mbeadh buachaill aimsire ag teastáil uaidh. Dubht f. a't. go mbeadh. Ar maidin lá'r na bhárach sgaoil an fear amach plód feadóga agus dubht. leis an mbuachaill ian sin do bheith ag teacht aige tráthnóna. Nr. bhí sé 'na thráthnóna tharraing an buachaill an fheadóg as a phóca agus shéidh í. Ní raibh sí acht séidte nr. a chruinnigh na feadógaí chuige ar an gcnocán. D'imthigh leis annsin go dtí teach an mháistir. Bhí iongantas ar an máistir nr. a connaic sé na feadógaí ag teacht aige. D'fhiafruigh sé de'n bhuachaill cé'n chaoi ar chruinnigh sé le chéile arís iad. 'Spáinn an b. an fheadóg dó agus nr. a chonnaic an máistir í badh mhaith leis í bheith aige féin. D'fhiafruigh sé de'n bhuachaill cé mhéid a bheadh sé ag iarraidh uirthi agus dubht. an b. go mbeadh sé ag iarraidh "Cúig phunt agus aigirín." Thugan fear na chúig puint agus an t-aigirín dó agus fuair sé an fheadóg ó'n mbuachaill. D'imthigh an buachaill abaile agus níor ghoill an gantan ná anshógh air féin ná ar an bhean uiadh sin amach.-Séamus Bolustrom
- Bailitheoir
- Séamus Bolustrom
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Bolustrom
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe