Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 176

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 176

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 176
  3. XML “Scéal faoi Bhoin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    móna a tharrainght.
    Tá go leor caoirigh timcheall annseo. Is iomdha cinealacha aca ann. Caora crosach, caora chloighinn dhuibh, caora éadáin donn agus éadán breac. Caora maol a tugtar ar ceann gán adharc. Cuirtear suathántas dearg, bránda tear agus comhartha cluaise ar caoirigh ionnus go mbeadh sé éasgaidh ag chuile dhuine a chuid fhéin a aitneachtáil. Caora buineann a tugtar ar an caora a mbíonn an úan aicí. Úasgán a tugtar ar úan bliadhna. Déantar caoirigh a bhearradh sa samhradh agus iad a thúmadh sa bhFoghmhar. Na h-úain a bhíos ag dúil ar a maithreacha déantar iad a choisgeadh sa bhFoghmhar freisin. Ní thoigtear mórán gabhair na muca timcheall annseo cór ar bith.
    Bíonn cearca, lachain agus géabh ar an bhfeilm freisin. Nuair tosuigheann cearc ag breith déanann sí nead agus fágtar ubh sheide ann ionnus go mbearfaidhe sí ann i gcomhnuidhe. Tagann an gálra cleitheach ar cearcaibh nuair tá an sean clumhach ag tuitim díobh. 'San Earrach a rachainn na cearcaibh, lachain agus géabha ag gúr. Trí seachtmhaine a bhíonn na h-uibheacha circe thíos sul a dtagann na shicíní asta agus mí na uibheacha lachain agus géabha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    43
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe