Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 134
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar beannuighe i n-áil na Bron ar a dtugtar tobar Muire. Deirtear gur chaith na daoine an cloch sin sios san bfharrighe agus gur raibh sé ar an tobar ar maidin. Teigheann daoine ag an tobar Muire Lá Muire ag tabhairt turasanna. Fághann daoine biseach dhá mbheadh pian na fiacla tugann daoine leo uisge as an tobar agus bíonn siad dhá cur ar a gcuid fiacla. Nuair a bhíonn siad ag tabhairt turas baineann siad díob a mbroga agus tógann siad seacht gcinn de clocha beaga a fhághann siad ag an tobar agus gach uair a théigheann siad tart caitheann siad cloch ag Béal an tobair. Téigheann siad ar a glunnaibh ag rád páidreacha. Baineann siad bláthanna agus leagann siad ar an tobar iad. Fágann siad páidirn ag béal an tobar. Chaith siad cloch a bhí ar an tobar sios san bhfarrige agus nuair a d'éirigh siad ar maidin bhí an cloch ar an tobar agus bhí fios aca go raibh an tobar beannuighe annsin. Bhí sagart na chomhnaidhe i n-Áil na Bron an uair sin. Chonnaic sé daoine ag tabhairt turas ag an tobar agus bhí ionghnadh air. Chuaidh sé go dtí na daoine agus d'fiarfruigh sé de na daoine. "Ce'n fath go bhfuil sib annseo" adeir sé. Chaith muid an cloch a bhí ar an tobar sios san bfairrige agus nuair a d'éirigh muid ar maidin bí an cloch ar an tobar. "Tá an tobar seo(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Cúaláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe