Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíodh aon ainm eile air roimhe sin, nó ná bíodh, dubhairt sé gurb é an t-ainm a thiubhradh sé air féin feasta 'Grabaire beag Fhinn Mhic Cumhaill'. 'Anois a deir an Grabaire tiocfaimid chuig mo thigh-sa tráthnóna, agus rachaidh mise isteach ar dtús agus tusa 'mo dhiaidh. Beidh mo bhean ina suidhe ar chathaoir agus í ag réidhtheach a cinn, agus beidh a cuid guaige anuas ar a suilibh. Ar a' bpoinnte is a thiocfas tusa isteach eireochaidh mise, agus béarfaidh mé ar ghualainn ort, agus caithfidh mé amach thar an doras thú. Tiocfaidh tú isteach arís agus déanfaidh mé an cleas céadna leat. An tríomhadh uair a chaithfeas mé amach thú árdóchaidh an bhean suas a ceann, agus fiafróchaidh sí dhíom cé h-é an fear atá mé a' caitheamh amach mar sin agus dearfaidh mise gur 'Fionn Mac Cumhaill' as Éirinn atá ann'.
Bhí go maith. Tháinigeadar go dtí an teach. Bhí bean an ghrabaire ag cíoradh a cuid gruaige rómpa. Chaith an grabaire Fionn Mac Cumhaill amach trí h-uaire i ndiaidh a chéile, agus d'fhiafruigh a bhean dhe cérbh é an fear a bhí sí ag caitheamh amach. Dubhairt an grabaire gurb é Fionn Mac Cumhaill é. ' Ba cheart lóistín a thabhairt dó má's Fionn Mac Cumhaill as Éirinn é, ' a deir an bhean. 'Má tá tusa sásta a deir an Grabaire tá mise lan t-sásta'. Annsin tháinig Fionn isteach, agus chodail siad go léir an oidhche go suaimhneach sásta. Cúpla bliain in a dhiaidh sin phós Fionn Mac Cumhaill. Chaitheadar seacht n-oidhche agus seacht lá ag caitheamh bainise, agus ní raibh fhios cé b'fhearr, an oidhche deire nó an chéad oidhche. An chéad lá eile chuadar amach ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac an Iomaire
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe