Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 422

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 422

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 422
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá garrantaí againn sa mbaile agus sé an t-ainm atá ar cheann aca 'Garraidhe Máire'. Bhí sean-bhean ann fadó agus bhí sí tuairim míle bliain agus Máire an t-ainm a bhí uirri agus tá an t-ainm sin ar an bpáirc ó shoin.
    'Tobar an Sidhe' : Bhí bean sidhe le feiceáil ann fadó agus tugtar 'Tobar an t-Sidhe' air ó shoin agus bhíodh go leor daoine ag tabhairt uisge as ach b'éigean dóibh éisteacht leis agus gan aon uisge a thabhairt as níos mó.
    'An Muing' : Garraí mór millteach é agus tugtar 'Muing' air.
    'Crochán Shéamuis': Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Séamus. Bhíodh sé amuigh ar an gcrochán i gcomhnuidhe; ní theigheadh sé isteach go mbeadh leath na h-oidhche caite.
    An Iothlann: Nuair a thugtaí an féar isteach agus nuair a dheintí cocaí móra de sé an t-ainm air 'An Iothlann'.
    An Cimín : Nuair a bhíonn na beithidhigh amuigh sa samhradh sé an t-ainm a thugtar ar an áit a chodluigheann siad ná 'An Cimín'.
    An Leachta: Bhí sidheog ann fadó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Bairbre Ní Liodáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe