Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 019](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0002%2FCBES_0002_019.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 019
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fuagairt "Seainín ag dul ar neamh." Bhí sean fhear ag dul thart agus chuala sé Seáinín agus dubhairt sé leis é féin a chur sa mála in áit Sheáinín ionnas go rachad sé ar neamh. Isteach leis sa mála agus cheangail Seáinín an ruadhóg air agus dimthigh leis féin. Nuair a tháinic na ceannaidhthe amach thugadar leó an mála agus bháthadar an sean fhear bocht ag ceapadh gurb é Seáinín a bhín ann. Nuair a bhíodar ag teacht ar ais casadh Seáinín dóib agus leath scór beithidhigh aige. D'fiafraigh siad de cá bhfuair sé iad agus dubhairt seisean gur ar neamh agus dorduight siad dó iad féin a chur ar neamh. Chuir sé an bheirt aca i mála agus chaith sé leis an aill iad gur báithead iad. Mhair sé go saidhbhir uaid sin amach.
Máire Ní Dhioráin, Sruthán Árainn a scríobh an scéal seo. Bhé sé scríobtha amach ó bhéal aithris Sheáin Uí Thuathail (65) ag gasúr scoile eile. Is ón scríbhinn sin a scríobh sise síos annseo é.- Bailitheoir
- Máire Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seáin Uí Thuathail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Creig an Chéirín, Co. na Gaillimhe