Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Suíomh:
Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Scéal faoi Dhónall Ó Conaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Dómhnall Ó Chonnaill in easbaidh péire bróga uair agus sé chuig an gréasuidhe agus dubhairt sé leis péire a dhéanamh dó. Dubhairt an gréasuidhe leis nach riabh aon leathair aige agus nach bhféadfadh sé na bróga a dhéanamh dó. “Níl fhios agam cén sórt fear chor ar bith thú nach bhfuil a lán leathair istigh agat i gcóir bróga. Bhéarfaidh mé £10 duit chun leathair a cheannacht. Fear a bhí ann sa t-airgead beidh air deoch a sheas i gcómhnaidhe” arsa Domhnaill. D’iarr an greasuidhe air céard a n-ólfadh sé agus dubhairt Domhnaill “Buidéal Special”. Casadh an gréasuidhe air lá eile agus thug an gréasuidhe 5/- dó chun an £10 d’íoc ar ais. “Fear atá ann sa t-airgead” arsan gréasuidhe “beidh air deoch a sheasamh.” “Céard a bhéas agat” arsa Domhnaill leis. “Buidéal Special” arsan gréasuidhe. Lá eile casadh le chéile iad arís agus thug an gréasuidhe 2/6 dó ag íoc an £10. “Fear a bhí ann sa t-airgead beidh air deoch a sheasamh” arsan gréasuidhe. B’éigin do Dhómhnaill 1/- a chur leis an 2/6 chun buidéal Special a cheanacht. Nuair a bhí sé ólta acu dubhairt Dómhnaill “Choinnigh an méid eile nó beidh sé go léir ólta againn agus ní dhéanfaidh sé mhaitheas d’aoinne”. B’é sin an chéad fear ariamh a d’imir tricí ar Dómhnaill Ó Chonnaill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Cadhain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Pháirc, Co. na Gaillimhe