Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)121. Imthigheann a gcuid féin ón an tsacán.
122. Ina am an ghabhaidh siad braighteas an chara.
123. Ní críonnacht criogaireacht.
124. Is fearr stuaim ná neart.
125. Bíonn ceann caol ar an óige.
126. Caora mór an t-uan i bhfad.
127. Is túisge deoch ná sgéal.
128. Ná díol do chearc lá fliuch.
129. Faghann an lá locht ar obair na h-oidhche.
130. Beir ar an rud nó béarfaidh an rud ort.
131. Ní dhéanfadh an saoghal capall rása d'asal.
132. Is fusa cainnt a dhéanamh ná casóg.
133. Is fearr grádh ná faitchíos.
134. Báisteach ó Dhia agus lá breagh in a dhiaidh.
135. Ní bhíonn tréan buan is beireann buan buadh.
136. Bíonn dhá thaobh ar an mbileoig, dhá insint ar gach scéal agus dhá thaobh ar gach insint acu san.
137. Dá olcas é an sioc, is measa an sneachta.
138. Táim-se ....is ní mholtar mo shaothar, is tar-éis mo dhícheall ní bhítear buidheach díom.
139. 'Sé teacht an tseagail agat, ceacht fada mall.
140. Isé is giorra an croidhe a labhairt an teanga.
141. Ní chomharainn sicíní i bplaosgaibh.
142. Is mairg a bháidhtear anain an inaice, mar tagann an ghrian amach in dhiaidh na fearthainne.(leanann ar an chéad leathanach eile)