Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)
- Suíomh:
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 045](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0005%2FCBES_0005_045.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 045
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dúnlocháin
- XML Leathanach 045
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)préachán amach. Casadh sean capall caillte leis an bpreáchain agus d'fhan sé ag ithe an cápaill. Thainic an oidhche is ní dheachaidh an préachán leis an sgéal. Lá ar na bharac leig siad éan eile amach agus tháinic sé ar ais leis an sgéal.
"Teachtaire naoi ón arc."
"Is fearr leath bhuilín na bheith gan aon arán."
"Ní bhionn súil ag an oidhche."
"Níl lá ann a bhfuil beag nó fada nach dtagann an tráthnóna."
"Is minic a leig béal na h-uaighe rud i mbéal na truaighe."
"Is fada o bhaile bó gan laogh."
"Ceathrar sagart gan a bheith sanntach.
Ceathrar Franncach gan a bheith buidhe.
Ceathrar greasaidhe gan a bheith bréagach
Sin daréag nach bhfuil san tír."- Bailitheoir
- Máire Ní Flaithbhearthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67