Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)
- Suíomh:
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dúnlocháin
- XML Leathanach 074
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bád a chóinneal direach acht nuair thug sé iarracht ar sin a dheanamh d'iompuigh an bád thart arís agus caitheadh amach ins an bfhairrge é.
Bhí bean ag baint crannach i nInnis Stocadh agus chonnaic sí portán í scailp. Cuir sí a lámh isteach go dtí é agus rug sé ar a láimh agus choinnigh sé annsin í go dtáinic an thaoille uirri agus bathadh í.
Bhí daoine a bhí ag tabhairt aire d'on teach soluis ag dul amach go dtí Caoran Mór. Bathadh iad. Bhí an lá an cúin acht bhí an bás i ndon dóibh. Bathadh cúigear fear an t-am sin. Aon fhear soluis a bhí ann agus ceathrar iasgaire a bhí ann. Timcheall le fice bliadhain ó shoin d'fhág "Captain Wainright" doc Dúnlocáin agus bathadh é nuair a bhí sé ag dul thar Ceann Léime. Bhí beirt fear eile ann acht chuaidh siad slán go Caoran Mór. Bhí bád eile i ndiaidh fear soluis a fagadh ag an teach soluis agus nuair a bhí siad ag dul abhaile chonnaich siad píosa adhmuid agus cuir siad i ndeire an bád é acht nuair a bhí siad dhá cur ann d'iompuigh an bád thart agus bathadh iad.
Bhí fear o gCaoran Mór darbh ainm Padraigh De Róisde agus bathadh é lá a raibh taoille mór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Laoidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76