Scoil: Baile Conghaile

Suíomh:
Baile Conaola, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. A. Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 091

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 091

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Conghaile
  2. XML Leathanach 091
  3. XML “Pisreoga Áitiúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nach mbacann sí leo a thuille.
    9. Ceapann na daoinní go bhfuil nimh san seile a chaitheann sí; bean a bhí ag crúdh na mbó uair amháin. Tháinig easóg agus chaith sí seile isteach san gcána go raibh an bainne ann. Ghlaoidh an bhean - 'a beainnín uasail, a beainnín uasail cén fáth go ndearna tú é sin?' Tháinig an easóg arís agus leag sí an cána agus níor fagadh deor bainne ann.
    Deirtear gur b'iad na h-easóga na cait a bhí ag na daoinní fadó.
    Deirtear freisin gur b'iad na danair a thug na cearca go hÉirinn ar dtús agus go dtosuigheann siad ar an mbóthar abhaile gach maidin go dtí go gcasann siad le biadh éicint agus cuireann sin an smaoineamh as a gcinn go hath-ló.
    Má thagann cearca isteach san dteach agus má bhíonn rud ar bith ar an urlár, coirce, nó mion-phíosaí aráin, nó rud ar bith mar sin agus má thosuigheann sí ag sguabadh an urláir is i dtreo na teineadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    T. A. Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)