Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 154
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”
  4. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus deireann na sean daoine gurbh shin é an fáth atá na talta thiar ar bruach na fairrge briste bearnach agus rinneadh go leor oileán freisin. Na scadán agus na ronnaibh a bhí sa bhfairrge cuireadh isteach ar bárr na gcnoc iad agus ar barr binn Uí Bhricán iad agus an fheamonn i rópaí thart ortha. Glaoidh na daoine binn Uí Bhricán ar an gcnoc sin ó shoin. Rinneadh amhrán agus dáin fhada faoi oidhche na Gaoithe Móire. Ar oidhche Cinn an dá lá déag a tharla sé. Bhí na mná ag béiceadh ar maidin agus ag glaoidheach ar a gcuid páistí a bhí faoi sgrathacha agus clochaí agus cuid acu marbh. Bhí an oiread gaoithe ann is go raibh na capaill ag tuitim le lagar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá sé tuairm is céad bliadhain ó shoin ó bhí Oichdhe na Gaoithe Móire ann. Oidhche Chinn an dá lá dhéag d'eirigh stoirm mór agus tógadh na tighthe ar na daoine agus craitheadh an talamh. An t-iasg a bhí san bhfairrge sgubadh isteach ar na sleibhtibh iad ag an t-sáille. Nuair a bhí an sáille istigh ar na sleibhtibh bhí siad ar nós sneachta bán. Bhí beirt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Seoige Mhícheál
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Uillinn Thiar, Co. na Gaillimhe