Scoil: Inis Niadh (uimhir rolla 11938)
- Suíomh:
- Inis Ní, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Caitlín Ní Thuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-fhear thoir i n-aice le Cuige Uladh. Bhí sé lá amuigh. Chonnaic sé sean-bhó i n-a luighe agus gan uirthi ach leath-adharc. Bhí sean-bhean i n-aice léithi. D'fhiafruigh sé de'n tsean-mhnaoi cé an chiall í bhéith i n-a luighe agus gan uirthi ach leath-adharc. Bhí fhios ag an sean-bhean go raibh fhios ag an mbó. Dubhairt sí leis an bhfear eile dul siar agus a chluas a leagadh ar an áit a mbeadh an adharc. Béid fhios gach uile shórt annsin agat," adeir sí. Chuaidh sé leag sé a chluas ar an áit a mbeadh an leath-adharc, agus bhí fhios gach uile shórt beo i n-a dhiaidh sin aige.
"Is eadh;" adeir sí, "cé an scéal agat é." "Ó," adeir an sean-fear, "fúair mé fhios Cromail a bheith ag tigheacht go h-Éirinn, agus go marbhochaidh sé gach duine beo."
"Díol tusa do phíosa talmhan féin," adeir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Ó Linneán
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micil Ó Uaithnín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inis Ní, Co. na Gaillimhe