Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 254
- XML “Gadaithe an Ime”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chur ann.
Bhí dream daoine uaisle le theacht ag an teach agus bhí géabha marbhugha(?)
ag bean an tighe léi féasta a bheith aca.
Nuair a tháinig an buachaill seo isteach san oidhche dubhradh leis a theacht anuas ag an teine ní tiocfhadh sé i ngar di cor ar bith.
Dubhairt an bhean leis ceann go na géabha a choinneál ós chíonn na teine di táinig sé anuas annsin go trom-leisgeamhail.
Nuair a tháinig sé i ngar dho'n teine thosuigh an t-im ag leaghadh sin é an uair a bhfuair an feilméara amach gur'ab é a bhí ag goid a chuid ime thosuigh an feilméara ag troid leis agus dhibear sé é.
Agus tugadh gadaidhe an ime uaidh sin amach air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Níadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Níadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe