Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 427](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0009%2FCBES_0009_427.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 427
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 427
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Teach mór mór é, coinleoir óir é. Tomhais go beo é nó sgaoil thart é.
"Na Flathais"Siúd é amach ar t-aghaidh é agus pus air.
"An Chroch"Teachtaire beag beag ó theach go teach is bíonn sé amuigh san oidhche.
"An Cosán"Muna mbeidh agat acht pocaide gabhair bí i lár an aonaigh leis.Níl sé istigh is níl sé amuigh agus níl lá air bith nach bhfeictear é.
"An fárr doras"Siúd é san gchlúid é agus míle cóta mór air.
"Meall Cobáisde"Chuaidh mé suas an bóthar casadh mo mham dhom, bhí srón iarrana uirthi agus méara airgidh uirthi agus is í a cuireadh rith ar na préacháin.
"Guna"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Breatnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe