Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 506

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 506

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 506
  3. XML “Dhá Chluas Capaill ar Ládrom Loirc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt an rí annsin dá ngeallfadh sé dhó fhéin nach n-innseóchadh sé do aon duine beó an rún a bhí aige féin nach marbhóchadh sé é. Chuaidh an mháthair abhaile agus í áthasach go leór.
    Ar maidin chuaidh a mac go dtí an rígh agus bhearr sé é.
    Gheall sé dhó annsin nach n-innseóchadh sé rún an riogh do aon duine. Ar maidin lá'r na bhárach bhí tinneas an-mhór ar mhac na baintrighe agus cuireadh fios ar an dochtúr.
    Dúbhairt an dochtúr gur rud éigin a bhí ag cur meadhchan ar a inntin agus go m'b'fhearr dhó é a innseacht d'á mháthair nó do dhuine éigin eile.
    Dúbhairt sé seo nach bhféadfadh sé é do innseacht do aon duine beó. Dubhairt an dochtúr annsin leis a dhul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0782: Midas and the Ass's Ears
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Raghallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nioclas Ó Chuirín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe