Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 243
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Tá tobar i gCill Éinne ar a d-tugtar Dabhach Éinne. Níl aon uisce ann anois, mar tá sé ráidhte gur nigh bean gan aon Chreideamh a cosa ann.Tá tobar eile i gCill Éinne ar a d-tugtar Tobar Chuilm Chille. Tá an naomhadh lá de Mheitheamh ceapaighthe amach le turas a thabhairt ar an tobar. Ní féidir aon turas a thiubhairt timcheall ar an tobar, mar sé an chaoi atá an t-uisce ag teacht as aill mhóir áird, acht tá altóir socruighthe tuairm le dhá chéad slat thiar de'n tobar, agus annsin tugtar an turas. Téigheann na daoine ar a n-glúiníbh ó's comhair na h-altóra, agus deireann siad páidreacha. Baineann siad a m-bróga dhíobh, agus téigheann siad timcheall seacht n-uaire agus iad ag rádh an Phaidrín pháirtigh. Tá eibheann agus blátha fiadhana ag fás o's cionn an tobair.Bhí tobar eile i-m-baile Chillrónáin fadó ar a d-tugtar Tobar Naoimh Rónáin. Níl aon tuairisg air anois, mar thuit clocha, agus fód síos ann,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chongaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conghaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe