Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0016, Leathanach 361](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0016%2FCBES_0016_361.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0016, Leathanach 361
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Cruain (C)
- XML Leathanach 361
- XML “Pisreoga agus Nósanna faoi Shochraid agus Tórramh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ag an tóramh bhíodh am breágh ag na daoine óga agus na sean daoine ar a dsuaimhneas ag féacaint orra. D'imrigheadh siad cluithí mar "cleas an stóilín" "Na seachtmhar gCeardaidhe" An Breitheamh Macánta agus mí-macánta, agus Teaghlach. De gnáth bhíodh buacall cutmhal ann agus de neart spórt d'iarradh cailín croidheamhail air í a phógadh. Béadh air í a phógadh ar an bpoinnte. Dheireadh an cailín nár phóg sé í í naon chor cé gur phóg sé í. Bhíodh fear ann ín a cheannphort ar an sluagh. Bhíodh críos leathar aige agus bhéadh sé ag rádh don bhuacall gombéadh air an chailín a phógadh. Is ann a bhíodh an greann gan amhras. -: an bhuachall cutmhail ag rádh gur phóg sé í agus an cailún ag rádh na'r póg sé í naon chor. Dhéineadh sé a dithcheall í a póg d'a aimdheóin agus bhéadh an rud sin ar siubhal tamall maith go leigfeadh an cailín dó i a phógadh sa deire. Sin "Cleas a'Stóilín"
Na Seachtmhar gCeardaidhe. Tóghtaoí seachtmhar bhfear agus tugtaoí ceard fá leith do gach duine agus iad i na seasamh í líne í lár an turláir. Bhíodh ar gach duine aca a ceard féin a theasbáint ceann í gceann. Cur í gcás dá mbéadh duine aca i na marcaigh, bhíodh air buachaill a iompú ar a dhruim agus rith leis thar timceall na gceardaidhe eile. Déineadh gach duine iarracht é a cosgadh ach bhíodh air rith í na -nagaidhthe. Bhéadh ar na gCeardaidhe a dálta de rud a dhéanamh lé na gceard(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Nualláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chúile, Co. na Gaillimhe