Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Séadhacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall le fiche bliadhan ó shoin sul a raibh lorraí ann bhíodh na daoine ag tabhairt min agus plúr agus rudai eile ó áit go h-áit le capall agus cairt. Uair amháin chuaidh fear as Escer go Gaillimh le h-aghaidh ualaigh plúir. Nuair a bhí sé míle as Gaillimh thug sé a píopa amach agus ní raibh aon cipín soluis aige Tomás Husae a bhí mar ainm air. Tar éis tamaill tháinig sé go dtí teach agus bhí solus ann. D'fág sé an capall ar an mbóthar agus cuaidh sé isteach chun a píopa a lasadh. Nuair a chuaid sé isteach sa teac bhí torramh ann agus bhí an corp ar an mbord. Chuaid sé síos go dtí an teine chun a phíopa a lasadh. Bhí na daoine ag bualadh bos agus thosaigh sé ag bualadh bos leo. San am sin bhíodh píopa agus tabac ag gach duine ag an dtorramh. Shuidh sé síos agus thosaigh siad ag caitheamh píopa leis. Tar éis tamaill rinne sé dearmad ar an gcapall agus thuit sé in-a chodlad agus nior duisigh go dtí maidin agus nuair a duisig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Miceál Ó Laighnigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Caiseal, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Ní Laighnigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Caiseal, Co. na Gaillimhe