Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 173](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0019%2FCBES_0019_173.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 173
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 173
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin cor ar bith nó dá rachaidh go mbainfead sé féin an ceann dí, nuair a thiocfhaidh se arais. Dubhairt Máire nach rachaidh sí isteach ann. Dimthigh sé annsin, agus nuair a tháinig sé dfiafhruigh sé dí an ndeacha sí isteach san seómra nár ghafad fé eochair aice le h-aghaidh agus dubhairt sí nach ndeacha. “Beil” adeir sé “is gear go mb’fhios agam’sa an ndeachais.” Chuaidh sé go dtí an seómra annsin agus chonnaic sé go leór fuil ar áit an eochair. Rith sé anuas chuig Máire ar an bpoinnte agus dubhairt se leithí.- “Anois nár raibh’fhios agam-sa go maith go raibh tú istigh ann.” Dubhairt sise nár raibh acht dubhairt seisean go raibh. Ní dhubhairt an bhean níos mó agus tháinig a dearbhsiúir Nóra isteach agus chuadar suas an staidhre. Thosaigh Nóra ag déanamh braithlín. Bhí beirt dearbhrathair leó ins na saighdiúir, agus fuar na dearbhriuirí litir uaithe go rabhadar ag teacht ar chúirt chucha. Is gearr gur glaoidh a fear ar Máire agus bhí sé ag géarú a chlaidheamh. Dubhairt sé leithí go raibh sé le í a mharbhughadh: “Ar son Dé” adeir sí agus leig cead dom cúpla paidir a rádh. Chuaidh sí go dtí a dhearbhsiúir Nóra aríst agus dubhairt leithí go raibh a fhear le í a mharbhugadh agus dubhairt sí leithí breathnughadh amach tríd an fhuinneóg féacaint a bhfeicfhide sí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Coileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe