Scoil: Clochar Mhuire, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Maelsheachlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí duine uasal ann fadó agus ní raibh aige acht an t-aon mhach. Nuair a d'fhás an t-ógánach suas chuaidh sé ar lorg mná dhó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)agus ní raibh aige acht an t-aon mhach. Nuair a d'fhás an t-óganach suas chuaidh sé ar lorg mná dhó. Bhuail sé isteach i dtigh feirméara go raibh inghean le pósadh. D'iarr sé an inghean ar an b'feirméar dá mhach. Dubhairt an feilméar nach bfuigheadh aoinne an inghean ach fear ceirde.
Dubhairt an mach le na athair go bhfanfhadh an cailín leis agus go rachadh sé ag foghlum na ceirde. Ar maidin lá ar na bhárach d'imthigh an t-athair agus an mach agus bhíodar ag siubhal go dtáiniceadar go bruach na fairrge. Connaiceadar fear luinge agus d'fhiafruigh sé díobh céard a bhí siad ar lorg. D'inniseadar dhó. "Mise ridire na gcleas" agus dubhairt sé leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe