Scoil: Magh Cuilinn

Suíomh:
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 198

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Magh Cuilinn
  2. XML Leathanach 198
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a thabhairt dó. An ránn seo a rádh nuair a casfar mada nimhneach leat:
    Cú tá ar nimh,
    D'uiltaighim díot,
    Cuirim do nimh ar neamh-bhrídh
    Séard dúbhairt Naomh Pádraic faoi dho
    na trí,
    In Ainm an Athar agus an Mhic agus an
    Spiorad Naomh.
    Lúib na blátha buídhe. Bláth atá ag fás ar an sliabh agus marbhóchaidh sé an caora agus marbhóchaidh an gabhair é.
    Leichneach: Áit a mbeadh na beithidhigh ag búaladh a muinéall in aghaidh cloiche, do mhuinéall a leagadh ar sin.
    Bruitíneach. Do theanga a leagadh ar cloigeann bhric.
    Dealg a tharraingt amach. Teanga sionnaigh a cur leis.
    Doigh. Do theanga a leagadh ar lúachra. Trí ribe fionnadh as rubaill ean dhuibh.
    Muing bharra. Lúib chun fionnadh a fhás arís ar áit gortuighthe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Réagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Droim Chonga, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tómas Ó Bháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Garrán, Co. na Gaillimhe