Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)

Suíomh:
Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 272

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 272

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leamhchoill
  2. XML Leathanach 272
  3. XML “Paidreacha”
  4. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Is maith an rud a bheith fíor de’n bhocht,
    Agus gan ár gcroidhe a bheith cruaidh le nocht.
    Gheibhímíd ó Dhia arís faoi ocht
    Má thugaimíd cuid de’n stór uainn.
    Má dóirteann siad braon bainne deireann siad: “Go leigidh Dia slán amáireach. B’féidir gur theastuigh sé i n-áit eile”.
    An Sgoláir – Caitlín Ní Oireachtaigh
    A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe.
    An duine a thug dí iad – Micheál Mac Oireachtaigh.
    A Sheoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe.
    Cóirighim an leaba seo i n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraidh Naomh agus i n-ainm an oidhche a rugadh thú.
    “Céard sin atá tú ag rádh?” arsa an Spiorad Naomh, ag teacht isteach an doras, “Ní tada, a Mhic, acht páidreacha beaga beannuighthe mar shíl mé nach dtiocfadh go lá”.
    “Is fíor sin, a mháthair”, ar seisean, “Is beannuighthe iad do chuid pháídreacha agus ní’l aon duine a déarfadh do chuid pháidreacha nach geal é a leaba go Athair na Glóire”.
    Nuair a bhaineann duine na fataí nua séard a deireann sé: “Go mairfidh muid beo ar an t-am seo arís”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.