Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 356
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siar ins an páirc le h-agaid an bulóg. Lean an fear é le píce. Deirtear gur sháíth an maoir an píce ins an bhfear. Annsin cuir sé an píce i bhfolach. Nuair a bhí siad ag cur tuighe ar an teach ina dhiaidh sin fuaireadar an píce ann. Deirtear go raibh fuil air.In aimsear an Gorta cuiread a lán daoine as a chuid seilbhe. Cuir maor amháin fear as a sheilbh in-aice le Fearamháin. Chuaidh an fear annsin go Shasana agus taréis cúpla bliadhain tháinic sé arais arís. Tháinic an maor céadhna go dtí an doras dhó, a chur as a seilbh é, ag iarriadh déirce. Thug an fear déirce dó.Bhí bean suas ins na sléibhte fadó agus deirtear go bhfaca sé na saighdiúirí a bhí taréis bás d'fághail ag dul suas agus síos na sléibhte. Tá an teach in a raibh sí ann ins an sliabh fós. Deirtear go raibh na maoir cómh boct le h-aon duine in aimsir an Gorta. Bhí siad ag dul thart ó theach go teach ag iarraidh na póiríní a bhí fágtha ar an iomaire, ó na daoine.Deirtear go bhfuair an rógaire ba mhó aca bhás i dteach na mbocht. Uaireannta nuair nach mbíodh an t-airgead ag na daoine thógadh na maoir na caiple nó cuid de na barraí.
- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann