Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 400
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deireann sé leis an páiste an cos sin a cur isteach. Bíonn sé ag rábh an rann arís is arís eile go dtí go bhfuil na cosa go léir imthighthe, ach ceann amháin. Annsin geibheann an duine sín trí buillí móra.Falóga. Bíonn na páistí ag dul i bhfolach ar a chéile agus duine amháin dá dtóruigheacht. Nuair a bhíonn na páiste i bhfolach deireann siad "Cuach agus annsin téigheann an duine dá btoruigheacht. Falach beag a tugtar air nuair is istigh i dteach a bhíos sé ar bun.
Púicín. Cuireann na paistí go léir dalladh mullóg ar shúilibh paiste amháin go mbeire sé ar pháiste eile, agus annsin cuirtear ar an pháiste sin é.
Gab na nGé. Sin fáinne a ghaíos na páistí agus bhíonn an rann seo ar bun acú.
Gab na nGé, Gab na nGé,
Buidéal lán de ros
Sios, síos, síos
Annsin tuiteann siad síos ar an talamh agus an té a bhíonn i na sheasamh ar dtús bíonn an cluiche aige.
An Dúistéar. Suibheann na páistí go léir síos agus bíonn duine acu i n-a mháighistir. Annsin bíonn siad ag cur ceisteann ar an máighistir mar seo.
Cad tá annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann