Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 407](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0066%2FCBES_0066_407.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 407
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 407
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teacht aníos déantar iad a fhódú. Annsin bíonn na dasacha go maith aníos as an gcreafóig nuair a déantar iad a lánú. Nuair a bhíos na fataí lánuighthe tá an cur mór déanta. Ní déantar tada eile arís leó go dtosaightear da mbaint acht amháin na dasacha a nigheadh le cloch gorm, cun an dubhacháin a choinneál dhóibh.
Nuair a bhíos na fataí bainte ar an iomaire déantar iad a dtoghadh. Toghtar na fataí móra agus cuirtear i bpoll amháin iad agus cuirtear na fataí beaga nó na póiríní i bpoll eile. Déantar na fataí a chlúduigh annsin le deannach nó luaithre, agus déantar iad a iompughadh aris is aris eile i rith na bliadhna. Fágtar iad ins na pollanna go dtí an t-Earrach agus annsin cuirtear isteach i dteach iad.
Dheinead na daoine stalc ó na prátaí fadó agus dheineadh siad cácaí bocstaoí agus cacaí prátaí freisin. Bhí an cáca bocstaoí déanta de phrátaí agus min-choirce. Déantar cácaí prátaí ins an áit fós. Bíonn cuasán i droch fata: sé sin spota bán ina lár. Bíonn an seiche briste de'n fhata nuair atá sé bruithte agus deirtear go bhfuil na fataí ag gáire. Bruthnóga a tugtar ar fataí rósta a bhíos ag daoine a bhíonn ag obair amuig ins an bpáirc.- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann