Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 016
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dóghadh Aoil
Níl áit ar bith thart annseo, ná thart sa gcuid is mo de Chonnamara nach ndóightear corr-thornóig aoil fós acht is beag le rádh é le h-ais a ndóightí ann fadó. Nuair a theastóchadh uaidh fear an tighe a theach a aoilnigheachán chuiridís fios ar ualach clocha aoil soir go Co. an Chláir. Bádóirí is mo a thugadh chuca é. Nuair a gheobhaidís na clocha aoil bhrisidís le casúr iad agus chaithidís síos sa bpoll seo iad ar a dtugaidís tornóig. Annsin líonaidís an chuid eile den tornóig le clocha aoil cloch mhóin agus thugaidís teine dhe.Thréis í a bheith lá agus oidhche ag dóghadh bheadh na clocha aoil dóighte. Thógaidís i gcliabh iad agus chaithidís i gcró nó i sgioból iad. Nuair a theastóchadh aol uatha chaithidís uisge ortha agus bhídis chomh briosg agus chomh geal le aon ghráinne aoil dhár dhíol aon t-siopadóir ariamh.Déanamh Choinnle
Nach iomdha cor sa saoghal fódhlach ó bhíodh muinntir na h-áite seo ag deanamh coinnle fhéin. Nuair a mharbhuighidís mart chuiridís an gheir a bhíodh ann ag leághadh ar friochtán mór. Geobhaidís strupa cadáis annsin agus bhídís ag cur fuinneamh ann go ndeanaidís ruadhóg dhe. Annsin thairneóchaidís an ruadhóg thríd an ngeir agus ghreamóchadh an gheir de. Dheanaidís(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Faisnéiseoir
- Seóirse Cartuir
- Inscne
- Fireann