Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 183](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0068%2FCBES_0068_183.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 183
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 183
- XML “An Scoláire Bocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa seomra. Thar éis tamaill labhair an sgoláire le fear an tighe. "Maise", a deir sé, an misde dhom fiafruighe cé'n fáth a ndeachaidh na mná sin siar sa seomra".
"Á" adeir fear an tighe, "páiste atá a' teacht ar an saol agus mná na comharsan iad sin atá a' teacht isteach".
Chuaidh an sgoláire amach ar an tsráid annsin, agus thosuigh sé a déanamh staidéir ar na réalta. I gceann tamaill cuir sé sgéala isteach go dtí an bhanaltra a bhí i gcionn na mná, mara raibh an páiste ar an saol fós, moill bheag a choinneál air dá mbféidir chor ar bith é.
Chuir an bhanaltra sgéala uaithi nár bhféidir a dhul in aghaidh Tola Dé agus go raibh an páiste ar an saol anois. Tháinic an sgoláire isteach annsin agus níor dhubhairt sé níos mó.
I gceann cúpla lá d'fhiafruigh fear an tighe dhe cé an fáth bhí aige le iarraidh moill a choinneál ar an bpáiste. "Maise tá," ar seisean, bhí mé ag iarraidh moille a chuir air go dtéigheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Tomás Kilgariff
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 80
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe