Scoil: Leitir Mór

Suíomh:
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Mac Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 197

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Mór
  2. XML Leathanach 197
  3. XML “Smaointe ar an mBliain 1921”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ach d'fheil sé lucht an díomais clann Luchifer dáiríre
    'S gach mada salach craolach de chineál bhuilg mhóir.
    1V
    Níl ógánaigh na hÉireann go sónnta, ná díthcéillidhe,
    Tá'n fhíor fhuil ins Gaedheala mar bhí san am fadó.
    Tá óglaigh ar na cuanta 's Clainne Gall dá ruaigheadh
    Tá'n slachar dá sguabhadh nach bhfllfidh arist go deo
    Bhí ingne fada ar chrúba Sheáin, shalach, bhradach, ghruamdha
    Acht ghearramar go dlúth iad le deimheas a bhí géar
    An bodach bhí go h-uaibhreach, sé d'fhágamar go suarach
    Ba doiligh, deacair, doirneach an obair í sin féin.
    V
    Beannacht Íosa Críosta le hanamnaí'na bhfíor-fher
    A throid go daingean faobhrach i gcathair mhóir Áth Cliath
    Gach máirtíeach is laoch mór a thuit i bhfus sa tír seo.
    Ag iarraidh Éire shaoradh ón Ropaire Seán Buidhe
    Anois ó tá sé sínte, is gerr go mbídh sé caointe
    Tá deire leis na blianta a raibh sé láidir tréan.
    Is árdóchaimíd an Ghaedhilge annseo in Inis Éigse
    Le Connradh deas na Gaeilge, Oglaigh is Sinn Féin
    Nóta
    Fuair mé an giot seo thuas Ó Sheán Ó Donnchadha, Sraith, Tuar Mhic Éide tuairim 1922. É féin a rinn eé deir se, Buachaill tuairim 24 bliain a bhí ann san am. Bhí baint aige leis an hÓglaigh. Chaith se tamaill a'múineadh Gaedhilge.
    tomás Mac Confhaola O.S.
    Leitir Móir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Confhaola
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An tSraith, Co. Mhaigh Eo