Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Tadhg is Taidhgín”
  4. XML “An Fear Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seans dhom agus bainfidh mé canna eile dhuit."
    "Rith leat go beo mar sin agus ná bíodh sé i bhfad go mbeidh tú annseo arís", adeir Tadhg.
    D'imthigh le Taidhgín annsin ag baint na sméartha agus gan mórán achair bhí sé ar ais arís leo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear 'na chómhnuidhe i gConamara fadó. Lá amháin bhí air a dhul go Gaillimh ag iarraidh teachtaireacht. Ar maidin d'fhág sé a theach ag déanamh ar Ghaillimh. Is gearr a bhí sé ar an mbóthar nuair a casadh bean leis.
    Bhí an bhean ag siubhal leis i gcómhnuidhe agus 'chuile shúil aige go mbeadh sí tuirseach uair eicínt acht bhí sí ag siubhal leis go ndeachaidh siad to Gaillimh. Nuair a tháiniceadar isteach sa mbaile mór seadh labhair sí
    "Anois", adeir sí, "beidh dinnéar againn le chéile". "Tá orm, anois", deir sí, "a dhul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe