Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ainnle an chéad lá. Bhí siad ag troid ó d'eirigh an ghrian go ndeacha sí faoí agus bhain Ainnle an cloigeann dó. Dubhairt an cailleach draoidheachta leis an Righ go marbóchadh an triúr deirbhrathair sin gach a raibh 'sa domhan uilig agus nach raibh 'sa domhan uilig agus nach raibh aon nidh le iad a chur ar chúl mara marbóchadh siad fhéin a chéile. "Acht cuirfidh mise draoidheacht ortha agus ní aithneóchaidh siad féin a chéile. Cuireadh Ainnle agus Árdán ag troid le na gclaidhmtibh. Bhí siad ag troid go ndeacha an ghrian faoi agus 'sa deire bhain Ainnle an cloigeann d' Árdán. "Buaidh agus biseach ag mo bhuile" adeir sé "silim go bé cloigeann mo deirbhrathair atá agam". Sé "cloigeann Ainnle" adeir sé agus é ag fághail bháis.
Ní rinne Ainnle acht an claidheamh air féin agus an cloigeann a bhaint dó fhéin. Bhí Déirdre annsin faoi bhrón. Dubhairt sí go raibh sí féin ag fághail bháis agus í fhéin agus Naoise a chur le chéile Agus Árdan agus Ainnle a chur ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seósamh Seóige
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe