Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 341
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus cúpla lá sul má pósann siad ceannuigheann an fear luac sgór púnta d'fáinne pósta óir le h-agaid an mnaoí agus nuair a béas siad ag pósad cairead an fear an fáinne a cur isteac ar méir na mná. Nuair a bíonn siad pósta tugann an fear abaile leis an bean agus nuair a tagann's sí isteac an doras cuireann cuile duine sa teac fáilte roimpe agus éirigeann máthair an fir agus déanann sí dá leath don cáca bainféis ar mullac na mná. An oiche sin bíonn bainfeis o dteac an fir. Fágann gac duine cuirid le teach ag an mbainféis. Bíonn arán agus tae agus go leór le n-ithe ann agus bíonn an spirt go maidin ann. Nuair a bíonn an bainféis tart téigeann cuile duine abaile. Nuair a bonn siad ráithe pósta teigeann an bean abaile ar cuairt agus bíonn bainféis eile i dteac na mná.
- Bailitheoir
- Áine Ní Chorraidhín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14