Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)

Suíomh:
An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Meleachlán Mac Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 345

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 345

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tráigh Bhán
  2. XML Leathanach 345
  3. XML “Ainmhithe Fiáine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainmhidhthe Fiadháine
    An Francach agus an Easóg
    Lá amháin bhí fear agus bean ag baint mhóna san bportach. Nuair a tháinic ocras orrtha do shuidhe siad síos le taobh Aille Móire go níosfadh siad a mbéile ann. Nuair a bhí said píosa dhá ithe do thuit píosa aráin ó'n bhfear ar an talamh. Ba gheárr go bhfaca said francach agus easóig ag teacht amach as poll ag iarraidh an phíosa aráin.
    Thosuigh an péire aca ag troid faoí agus bhí an francach ag fághail an ceann is fearr ar an easóig. Déirigh an fear agus leag sé a chois ar an bhfrancach. Tharla gur sean bhróga a bhí ar an bhfear agus bhí a ordóg amach thríd ach níor rinne an francach ach iompódh thart agus breith ar ordóg ar an bhfear agus píosa de'n ordóig a bhaint dhe. Thosaigh an fear ag sgreadaíl le pian agus chuaidh sé abhaile. Lár na bháireach choinnaic sé an easóig ag an doras agus billeog bheag ghlas ina bhéal aice. Thóig an fear an bhilleog bheag ghlas agus chuir sé le na ordóig í. Uaidh sin amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Innéacs seanscéalta
    AT0033: The Fox Plays Dead and is Thrown out of the Pit and Escapes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Báirbre Ní Fhlaithearbhtaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15