Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 012
  3. XML “Bean an Rí agus a Leasmhac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    raibh sí tuirseach fós dhe. D'fhág an rí isthigh é.
    Nuair a fuair sí an Rí imthighthe tharraing sí anuas a cuid cártaí agus thosuigh sé féin agus mac an ríogh ag imirt. Mac an ríog a chuaidh an chéad cluithche. "Tabhair do gheasai a mhic an ríog" adeir "Cé na geasaí a chuirfinn ort" adeir sé "ach éirigh as do chathaoir agus suidhe aríst ann. Sí a leas-mháthair a chuaidh an dara cluithche. "Tabhair do gheasaí" adeir sé leis an leas-mháthair. "Ní beag dhuit-se a thúisge" adeir a leas-mháthair. "Cuirim-se faoi gheasaí tú agus faoi mhór imirce na bliadhna gan an dara greim d'ithe ar aon bord ná an dara blogam ól as aon chupán go dtugaidh tú an t-Éan Sgiathach agam ó Beauty T? World as an Domhan Thoir". "Níor thug mise mo geasaí fós adeir mac an Ríogh". Cuirim-se fa gheasaí anois thú gan aon greim d'fhágáil le n-ithe agus tú a dhul ar bhárr binne an chaisleáin sin amhuigh. Punann coirce ar an mbinn thiar agus pota uisge salach ar an dara binn agus snathaidh chaol ar an tríomhadh binn. Gan greim le n-ithe ná le n-ól a bheith agat ach an méid a bhaineas an ghaoth as an bpunann choirce agus a rachas síos sa bpota agus a rachas tríd an tsnathaidh agus do bhéal a bheith ag faire an uair sin agat air. "Thóg dhíom anois" adeir sí "agus togfaidh mé dhíot." "Na geasaí a chuir tú fágh mar atá siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Concalaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe