Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chur ar ais. Rug Páidín ar a mháide agus thosuigh sé dá mbualadh agus dá ndibhirt ach arnú mo léan ní dheaca sé leath bealaigh leo. Chuaidh an rí go dtí an Sean Dall Glic agus dubhairt sé "mara gcuireadh tú slighe bháis éicint ar Pháidín marbhóchaidh sé muid."
Dubhairt an Sean Dall Glic "fáig congnamh fear anois agus chuir an bhró mhuillinn na sheasamh ar bhruach an tobair agus cuir Páidín ag taosgadh an tobair ar maidin agus nuair a gheibhimíd shíos san tobar é, an bhró mhuillinn a chaitheamh síos air agus marbhóchaidh sé sin é." Fuair Páidín buiceadh ar maidin agus chuaidh sé ag taosgadh an tobair agus cheap sé nach mbéadh sé taosgaite aige. Chuir sé a bheal ar an tobar agus tharraing sé a anal agus ní fág sé deoir ann ach an salachar a bhí ar a thoin. Chuaidh sé síos leis an mbuicead ag bailiú an tsalachair agus nuair a fuair siad thios é. Chaith siad an bhró mhuillinn ós a cionn agus an poll a bhí san mbró chuaidh se ar a chloigeann. Nuair a bhí an tobar glanta aige tháinig sé aníos agus dubhairt sé. "Go raibh maith agat a mháighistir is deas an hata é sin a bhronn tú orm." Bhuail faithcíos an rí agus dubhairt sé tiubhraidh mé do meadhchan fhéin d'ór dhuit agus m'ingéan. "Níl mé ag iarraidh t-ingéan ach tabhair dhom mo mheadhchann fhéin d'ór" adeir Páidín. Chuaidh Páidín isteach san sgála. Bain dhiot do hata adeir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Congalaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe