Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)orraibh. "Shíl mé go raibh tú báidhte san abainn, a dier srón fada". "Ó bhí" dubhairt srón chám agus fuair mé mála óir ann. Ó dubhairt srón geárr, tiocfhadh mise go dtí an abhainn agus geobhadh mé tuille óir ann. Chuaidh sé an. Bathadh srón (chám) geárr agus níor tháinig sé níos mó.
Chuaidh srón fada go dtí an roilig agus chuaidh sé isteach faoí an gcloc, agus ba gheárr go dtáinig na cuit agus thosuigh síad ag cainnt. Sheas an t-árd ríogh suas agus dubhairt, tá daoine saoghalta ag éisteacht ann-seo. Chuartuigheadar an áit. Thóigeadar an cloc agus fúaireadar srón fada istigh faoí an gcloic. Thosuigheadar gá ithe agus a cheangailt agus íad ag baint greamanna as nó go raibh sé marbh acha. Bhí srón fada marbh ag na cuit, bhí srón geárr baidhte san abhainn agus srón cámh san mbaile agus é lán t-sásta leis féin mar gheall air go raibh an bheirt eile marbh.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chúaláin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 98
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe