Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chaoí a dtarrainghtear slúasaid nó láíghe thríd an ngaineamh agus núair a theanghmhuighthear leis an sgían mára cuireann sí aon sgáird amháín uisge aníos thríd an bpoll. Cartar amach annsin leis an tslúasaod í. Bíonn an-tóír ar an sgían mhara ar (?) agus má chuirtear gráinne dhe ibhfus ag béal an h phuill a bhfuil sí thíos ann, thiocfadh sí aníos ar a lúathas is gheobhfas sí a bholadh acht ní mhór a bheith réidh faoí na cómhmair agus í a fhastodh, mar ó bhúailfeas sí an salann greadfaidh luthí síos go dtí a poll arís agus ní thiocfaidh sí arais níos mó an leath-thaoille sin. Bíonn na sgeanna mara trí troighthe ar doimhin sa trághadh agus téígheann sí níós doimhne ó airígeas síád duine ag dhéanamh ortha. San Aibreán agus faoí Bhealtaine a shíolruigheas síad. Níor(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann