Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mharbhuightear íád. Sé'n sprat an baoite is feárr le'n aghaidh. Tá an sprat go h-an mhaith le- haghaidh láímhíneach freisin. Beirtear air imbárr uisge le bradóíg nó le cisóíg. Sí iascach an bhralaigh (?) a thugtar air. Gabhlóg a bhíos aca dhá íascach. Bíonn dorugha fhada aca agus piléar lúaidhe nó cloch ar a bhárr. Fághann síád slám fíanígh de mhuing nó de rioball capaill agus ceangluightear ar a mbárr an dorugha le snáthadh dubh é ionnus nach bhfeicfidh an brame an dorugha. Cluduightear na dubháin freisin síos go dtí an cháma. Bíonn dhá dhúbhán air, ceánn ar gach taobh. Scaoiltear an dorugha síos le tóin an bháid. Ar ncoire a bhíonn síád ós cíonn mulláin doimhne is iondúala an brame a bheith. Ní dhéantar mórán úsáide dhe úr ináit ar bith mar ní ghlacann sé an salann ar chor ar bith. Tá sé clúduighthe ar fad le eiteíocha géara ar a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann