Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)comhnaidhe go deó go bhfuigheadh sé amach ceard é faithchíos. Dimthigh leis agus bhí sé ag siubhal gach teach acht chinn air freagra a fághail. Cuireadh gach deis air ag iarraidh faithcíos a chur air acht chinn ar gach duine.
Lá amháin bhí sé ag siubhal thart mar is gnáthach leis. Chuaidh sé isteach i dteach ósta agus dfhiafhruigh fear an tíghe dhó ar shiubhail sé mórán. Dinnis an Bhuachaill annsin c'én fáth a raibh sé ag siubhal. Dinnis an fear dhó annsin faoí an gCaisleán draoidheachta - an rud a thairg an Rí agus gach a raibh ann. Chuaidh an bhuachaill go dtí an Rí agus dfhiafhruigh sé dhó an a raibh sé de run aige a dul agus an Caisleán a thógáilt ó dhraoidheacht.
Trathnóna lá ar na amháireach chuaidh an bhuachaill go dtí an áít a raibh an [!] agus d'fan sé ann go mí-fhoighdeach gur thuith an oidhche. Annsin chonnaic sé an Caisleán mór breágh agus nuair a chonnaic chuaidh sé anonn go dtí é. "Gan fuacht gan faithcíos" Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraigh Ó Cualáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Pointe, Co. na Gaillimhe