Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “Feasóg Ghorm Ó Oileán Na hAoibhinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus Seán sugach ó Tuathail a bhí mar ainm air. Bhíodh sé ag imtheacht leis ó áit go háit agus ní raibh aon tshlighe aige len é féin a thógáilt acht paca cártaí a bhí aige agus duine ar bith a casfaoi leis bheadh cluithche cártaí aca.
    Lá amháin casadh fear leis da'r b'ainm Féasóg Gorm as Oileán an Aoibhnis. "Cé hé tusa" arsa Seán Ó Tuathaill. "Mise Féasóg Gorm as oileán an Aoibhnis" ar seisean. Shuidh siad síos agus bhí cluithche cártaí aca. Bhí an céad cluithche ag Seán agus an dar cluithche aige freisin. "Anois" arsa Féasóg Gorm tá rud ar bith a iarrfas tú le fágháil agat". "Ba mhaith liom caisleán a bheith agam arsa Seán agus an dara rud mála óir a bheith agam". "Tá sin le fághail agat arsa Féasóg Gorm.
    Acht an triomhadh cluithche bhí sé ag Féasóg Ghorm. "Anois" arsa Seán "tá do rogha rud le fághail agat." "Seadh" arsa Féasóg "Chaithfidh tú fhághail amach cá bhfuil mise 'mo chómhnaidhe nó cáil mo theach" "Tá go maith" arsa Seán.
    D'fág siad beannacht ag a chéile agus d' imthigh Feasóg gorm a bhealach féin. Bhí Sean bocht ag imtheacht leis agus é ag iarraidh fhághail amach cá raibh Féasóg Gorm in a chómnaidhe. Lá amháin agus é mall sa tráthnóna chonnaic sé teach beag i bhfad uaidh. Annsin tháinig sé go dtí an teach seo agus d' iarr sé lóisdín na hoidhche ar an tsean chailleach agus thug sí sin dó agus d'iarr sé de'n chailleach cá raibh Féasóg Gorm in a chómhnaide. Dubhairt sí nach raibh fhios aicí sin acht go raibh drithiúr léithe in a mháighistreás agus ar eolas chuile rud beo agus marbh agus dhá dtéigheadh sé go dtí í
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cúinin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12