Scoil: Cloch Bhreac (uimhir rolla 12106)

Suíomh:
An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 760

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 760

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloch Bhreac
  2. XML Leathanach 760
  3. XML “Cailleach Mhór an Oileáin Ghlais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal - Cailleach mhór an óileán gláis.
    Bhí rí ann fadó agus a bhean agus a inghean. Bhí an inghean fásta suas go maith nuair a cailleadh an mhatháir. Annsin nuair a bhí an mhatháir ag fagháil bháis d'fhaghadh sí le h-uchtadh gan a fear aon bhean a phósadh ach an bhean a mbeadh a fáine fhéin i ndan a dul ar a meidhir. Annsin lá ámhain bhí an rí imthigthe amach agus bhí an inghean ag tóireacht rud éicint agus casadh leí fáine i máthair agus chuir sí isteach an fáine ar a meidhir. Annsin nuair a bí an fáine istigh ar a meidhir ní raibh sí i ndan é bhaint amach aríst. Annsin fuair sí éadach agus chuir sí ar a meidhir é, agus nuair a tháinig an rí isteach d'fhiarruigh sé dhí céard a bhí ar a meidhir agus dubhairt sí gur géarr sí í. Annsin d'fhag sé mar sin é go dtí an chéad lá eile. Nuair a d'fhiarruigh sé an céad lá eile dhí é, dubhairt sí nach raibh dadí ar a meidhir, ach an tríomhadh lá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge