Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bheatha dhó. Nuair a chuala sé an méid sin, ní dhearna sé acht an cliabhán a bhriseadh agus bhí sé ina fhear mór, mhillteach agus dubhairt sé dá bhfágta bliadhain eile sa gcliabháin é go mbeadh - sé indhon leath an domhain a bhualadh. Rinne sé ciseán mór agus chuir sé an pota beag agus an pota mór agus chuile rud a bhí sa teach síos an agu dimthigh leis.
    Tháinig sé chomh fada le teach ríogh agus dfhíarr se aimsir air. Thug an righ aimsir dhó agus lá amhain dubhairt sé leis dul go dtí an coill agus capaill fiadhain a bhí ann a thabhairt abhaile chuige. Chuaidh sé go dtí an gabha agus dubhairt sé leis bior mór iarann a dheanamh dhó agus rinne. Chuaidh sé go dtí an choill annsin agus bhí sé ag bualadh na gcapall go raibh siad chomh socair le uan caorach.
    Bhí sé dhá gcuir isteac geata agus tháinig sinneán gaoithe a dhún an gheata aríst. Chonnaic sé teach le taobh an gheata agus ní raibh ann acht sean bhean agus dubhairt sé léithe dul amach agus an geata a choinneál fosgailte agus dubhairt sí nár fhág sí an chluid le leith chéad bliadhain. Rug sé uirthí agus thug sé amach go dtí an geata í agus chuaidh sé féin taobh istigh de na capaill. Nuair a chonnaic an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Mac Samharain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe