Scoil: Corr na Móna
- Suíomh:
- Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Maille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr na Móna
- XML Leathanach 193
- XML “Cistí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cisdí
Bhí fear ann fadó agus fuair sé sgéala oidhche amháin go rabh ciste óir amuigh sa loch.
Fuair sé an sgéala céadna an dara hoidhche. Agus an tríomhadh oidhche fuair sé an sgéal céadhna agus go rabh téad ceangailte faoi chloich sa gcladach. Chuir an fear ar a chuid éadaigh agus chuaidh sé síos go dtí an cladach. Rug sé ar an téad agus tharraingh sé é. Chuir fear béic as amuigh sgaoil an fear a bhí ar a gcladach amach an téad agus rith sé abhaile cho luath is a bhí ina chosa. Fuair fear eile an sgéal chéadna ar feadh trí oidhche. Chuaidh sé go dtí an cladach agus tharraingh sé an téad acht nuair a chuala sé an bhéic amuigh gread sé abhaile ar a bpoinnte. Bhíodar dhá inseacht ar fud a bhaile. Bhí fear an mhisneamhail ar a mbaile agus dubhairt sé mo léan nach bhfuair mise sgéal air agus ní i bhfhad go dtugainn an cisde um tíre.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Caidain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Loiscthe, Co. na Gaillimhe