Scoil: Corr na Móna

Suíomh:
Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Maille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr na Móna
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “An tSeanbhean Liath”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    óg dheas
    Fúair sgoil is foglum i dtús mo shaoghail
    Is dhá maireadh matair dhom go h-aois mo phósta
    Bhéidhinn i rith i gcóiste lé stór mo chroidhe.

    (VIII)
    Bhí sé in admiral ar luingh Rí-seorsa
    Is ba mhaith an cuntóir é amuigh léí
    Trí bliadhna sa taca seó seadh síneadh i gcónra é
    Sé liath go mór mé is ní lé aois.

    (IX)
    Bhí coluith orm do thogadh an tsíoda
    Is haitín cíor-dhubh ar dhath na sméar
    Bhí buclaí airgid in mo bhrógaí gíosgadh
    Is nár dheas an fhírinne lé mealadh mé

    (X)
    Sgríobhainn leitir is léighinn bíobla
    An tráth a ndeachaidh an draoideacht orm ba maith mo ghléas
    Ach cén mhaith sin dhom is mo cháíl faoin, ríoghachta
    Gur sean-bhean chríon-liath mé a chaill mo scéímh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Lile Ní Mháille
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cnoc Bán, Co. na Gaillimhe